|
+Airteagal 325a 2. |
Airteagal 325a 2.Déanfaidh institiúidí méid a ngnó laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi réir ►C12 riosca ◄ margaidh bunaithe ar shonraí amhail ón lá deireanach de gach mí i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:
(a)
áireofar na suíomhanna go léir a shannfar don leabhar trádála, cé is moite de dhíorthaigh chreidmheasa a aithnítear mar fháluithe inmheánacha ar ►C12 neamhchosainti ◄ leabhair neamhthrádála ar ►C12 riosca ◄ creidmheasa agus idirbhearta díorthaigh chreidmheasa a fhritháiríonn go hiomlán ►C12 riosca ◄ margaidh na bhfáluithe inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 106(3);
(b)
áireofar gach suíomh den leabhar neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó tráchtearraí, seachas na suíomhanna sin atá eisiata ó ríomh na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcomhréir le hAirteagal 104c nó iad siúd a asbhaintear as cistí dílse na n-institiúidí féin;
(c)
déanfar gach suíomh a luacháil ag a luachanna ar an margadh an dáta sin, seachas na suíomhanna dá dtagraítear i bpointe (b); i gcás nach bhfuil luach margaidh suímh leabhair thrádála ar fáil ar dháta áirithe, déanfaidh institiúidí luach cóir don suíomh leabhair thrádála a ghlacadh ar an dáta sin; i gcás nach bhfuil an luach cóir agus luach margaidh ar shuíomh leabhair thrádála ar fáil ar dháta ar leith, déanfaidh institiúidí an luach is déanaí, cibé an luach margaidh nó an luach cóir, don suíomh sin a ghlacadh;
(d)
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ malairte eachtraí a mheas mar ghlansuíomh foriomlán in airgeadra eachtrach agus a luacháil i gcomhréir le hAirteagal 352;
(e)
déanfar gach suíomh leabhar neamhthrádála atá faoi réir ►C12 riosca ◄ tráchtearra a mheas i gcomhréir le hAirteagail 357 agus 358;
f)
déanfar luach absalóideach an tsuímh fhada chomhiomlánaithe a shuimiú le luach absalóideach an tsuímh ghearr chomhiomlánaithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, is ionann ciall na suíomhanna fada agus suíomhanna gearra agus an chiall a leagtar amach in Airteagal 94(3). Chun críocha na chéad fhomhíre, beidh luach an tsuímh fhada (gearr) chomhiomlánaithe cothrom le suim luachanna na suíomhanna fada (gearr) aonair a áirítear sa ríomh i gcomhréir le pointí (a) agus (b) den fhomhír sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|