Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir
►C12
riosca
◄ arna úsáid san fhoirmle phriacail cuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha
►C12
riosca
◄ cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir
►C12
riosca
◄ céanna veicteoirí atá comhfhreagrach le cuara toradh difriúla agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an airgeadra céanna. Déanfaidh institiúidí íogaireachtaí ar an bhfachtóir
►C12
riosca
◄ céanna a fhritháireamh. Ní bheidh ach aon ghlaníogaireacht amháin le haghaidh gach buicéid.