+Airteagal 325bg Ceanglas sannta brabúis agus caillteanais
---+Airteagal 325bg 1.
---+Airteagal 325bg 2.
---+Airteagal 325bg 3.
---+Airteagal 325bg 4.

Airteagal 325bg Ceanglas sannta brabúis agus caillteanais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325bg 1.
Comhlíonann deasc trádála institiúide na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais i gcás ina bhfuil na hathruithe teoiriciúla ar luach phunann na deisce trádála sin, bunaithe ar shamhail tomhaiste riosca na hinstitiúide, gar nó gar go leor do na hathruithe hipitéiseacha ar luach phunann na deisce trádála sin, bunaithe ar shamhail phraghsála na hinstitiúide.
Airteagal 325bg 2.
D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála, bunaithe ar shamhail tomhaiste riosca na hinstitiúide, gar go leor do na hathruithe hipitéiseacha ar luach phunann na deisce trádála sin, bunaithe ar shamhail phraghsála na hinstitiúide, déanfaidh an institiúid ceanglas cistí dílse de bhreis ar na ceanglais cistí dílse dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1) agus (2) a ríomh le haghaidh gach suímh a shanntar don deasc thrádála sin.
Airteagal 325bg 3.
Ar bhonn thorthaí an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh institiúid liosta beacht fachtóirí riosca a chinneadh agus a dhoiciméadú arna n-áireamh i samhail tomhaiste riosca na hinstitiúide a mheastar a bheith iomchuí chun a fhíorú go bhfuil an ceanglas cúltástála a leagtar amach in Airteagal 325bf á chomhlíonadh ag an institiúid. Déanfaidh an institiúid rianú ar aon athrú ar liosta na bhfachtóirí riosca sin
Airteagal 325bg 4.

Ceapfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:

▼M17

(a) 

na critéir a shonraíonn cé acu atá nó nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála gar nó gar go leor do na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála chun críocha mhír 1, agus forbairtí rialála idirnáisiúnta á gcur san áireamh;

(b) 

an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i mír 2;

▼M8

(c) 

a mhinice a bheidh ar an institiúid an aitreabúideacht B&C a chur i gcrích;

(d) 

na gnéithe teicniúla a chuirfear san áireamh sna hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach punainne deasca trádála chun críocha an Airteagail seo.

▼M17 —————

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas