+Airteagal 331 1.

Airteagal 331 1.

Féadfaidh institiúidí a mharcálann ón margadh agus a bhainistíonn ►C9  riosca ◄ ráta úis ar na hionstraimí díorthacha atá cumhdaithe in Airteagail 328 go 330 ar bhonn sreafa airgid lascainithe, faoi réir chead na n-údarás inniúil, leas a bhaint as samhlacha íogaireachta chun na suímh dá dtagraítear sna hAirteagail sin a ríomh agus féadfaidh siad iad a úsáid le haghaidh aon bhanna a amúchtar thar a shaolré iarmharach seachas tríd an bpríomhshuim a aisíoc in aon íocaíocht deiridh amháin. Tabharfar an cead seo má ghineann na samhlacha sin suímh a bhfuil an íogaireacht chéanna acu maidir le hathruithe sa ráta úis is atá ag na sreabha airgid foluiteacha. Déanfar an íogaireacht seo a mheas faoi threoir gluaiseachtaí neamhspleácha i rátaí samplacha ar fud an chuair toraidh, a bhfuil pointe íogaireachta amháin ar a laghad acu i ngach aon cheann de na bannaí aibíochta atá leagtha amach i dTábla 2 in Airteagal 339. Déanfar na suímh sin a áireamh agus ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ sonrach na n-ionstraimí fiachais á ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas