+Airteagal 332 1.

Airteagal 332 1.

Nuair atá ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ ginearálta agus ►C9  riosca ◄ sonrach an pháirtí sin a ghlacann an ►C9  riosca ◄ creidmheasa (“díoltóir na cosanta”) á ríomh, mura sonraítear a mhalairt, úsáidfear méid barúlach an chonartha díorthach creidmheasa. D'ainneoin na chéad abairte, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh an luach barúlach móide an t-athrú i margadhluach glan an díorthaigh chreidmheasa ó thráth tionscanta na trádála, arb ionann é agus athrú glan síos ó thaobh dhíoltóir na cosanta de agus a mbeadh comhartha diúltach air, a chur in ionad an luacha bharúlaigh. Ar mhaithe leis an muirear um ►C9  riosca ◄ sonrach a ríomh, seachas i gcás babhtálacha an toraidh iomláin, beidh feidhm ag aibíocht an chonartha díorthach creidmheasa, seachas ag aibíocht na hoibleagáide. Déantar suímh a chinneadh mar seo a leanas:

(a) 

cruthaíonn babhtáil an toraidh iomláin suíomh fada i ►C9  riosca ◄ ginearálta na hoibleagáide tagartha mar aon le suíomh gearr i ►C9  riosca ◄ ginearálta an bhanna rialtais a bhfuil aibíocht aige atá coibhéiseach leis an tréimhse go dtí an chéad uair eile a shocrófar ús agus a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dó faoi Theideal II, Caibidil 2. Cruthaíonn sí suíomh fada freisin i ►C9  riosca ◄ sonrach na hoibleagáide tagartha;

(b) 

ní chruthaíonn babhtáil mainneachtana creidmheasa suíomh i gcomhair ►C9  riosca ◄ ghinearálta. Chun críocha ►C9  riosca ◄ shonraigh, déanfaidh an institiúid suíomh fada sintéiseach a thaifeadadh in oibleagáid an eintitis tagartha, ach amháin sa chás go bhfuil rátáil sheachtrach á déanamh ar an díorthach agus comhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, agus sa chás sin taifeadtar suíomh fada sa díorthach. Má tá íocaíochtaí préimhe nó úis dlite faoin toradh, déanfar na sreabha airgid sin a léiriú mar shuímh bharúlacha i mbannaí rialtais;

(c) 

cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha aonainm suíomh fada i ►C9  riosca ◄ ginearálta an nóta féin, mar tháirge ráta úis. Chun críche ►C9  riosca ◄ shonraigh, cruthaítear suíomh fada sintéiseach in oibleagáid an eintitis tagartha. Cruthaítear suíomh fada breise in eisitheoir an nóta. I gcás ina bhfuil rátáil sheachtrach ag nóta creidmheas-nasctha agus ina gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le hítim féich cháilithigh, ní gá ach suíomh fada aonair mar aon le ►C9  riosca ◄ sonrach an nóta a thaifeadadh;

(d) 

chomh maith le suíomh fada i ►C9  riosca ◄ sonrach eisitheoir an nóta, cruthaíonn nóta creidmheas-nasctha il-ainmneacha a sholáthraíonn cosaint chomhréireach suíomh laistigh de gach eintiteas tagartha, agus méid barúlach iomlán an chonartha sannta do na suímh de réir an chion den mhéid barúlach iomlán atá in ionannas le gach ►C9  neamhchosaint ◄ ar eintiteas tagartha. I gcás inar féidir níos mó ná oibleagáid amháin de chuid eintitis tagartha a roghnú, is de réir na hoibleagáide ag a bhfuil an ►C9  t-ualach riosca ◄ is airde a chinntear an ►C9  riosca ◄ sonrach.

(e) 

cruthaíonn díorthach creidmheasa don chéad sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintiteas tagartha. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an gceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh.

Cruthaíonn díorthach creidmheasa don n-ú sócmhainn a mhainníonn suíomh don mhéid barúlach in oibleagáid gach aon eintitis tagartha lúide na heintitis tagartha n-1 a bhfuil an ceanglas cistí dílse is ísle le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh acu. I gcás ina bhfuil uasmhéid na híocaíochta i leith teagmhas creidmheasa níos ísle ná an ceanglas cistí dílse faoin modh sin a luaitear sa chéad abairt den phointe seo, féadfar an méid sin a ghlacadh mar an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh.

I gcás ina ndéantar rátáil sheachtrach ar dhíorthach creidmheasa don n-ú mainneachtain, ríomhfaidh díoltóir na cosanta an ceanglas cistí dílse le haghaidh ►C9  riosca ◄ shonraigh ag baint leasa as rátáil an díorthaigh agus cuirfidh sé na hualuithe ►C9  riosca ◄ urrúsúcháin faoi seach i bhfeidhm de réir mar is infheidhme;

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas