+Airteagal 350 Modhanna sonracha i gcomhair GCanna
---+Airteagal 350 1.
---+Airteagal 350 2.
---+Airteagal 350 3.
---+Airteagal 350 4.
|
Airteagal 350 Modhanna sonracha i gcomhair GCanna
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 350 1.
|
I gcás ina bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid trébhreathnú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí foluiteacha sin d'fhonn ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann
►C9
riosca ◄ sonrach agus
►C9
riosca ◄ ginearálta. Faoi chur chuige den chineál sin, láimhseálfar suímh in GCanna mar shuímh in infheistíochtaí foluiteacha an GC. Ceadófar glanluacháil idir suímh in infheistíochtaí bunúsacha an GC agus suímh eile i seilbh na hinstitiúide, ar an gcoinníoll go sealbhaíonn an institiúid méid leordhóthanach scaireanna nó aonad chun go mbeifear in ann iad a fhuascailt nó a chruthú mar mhalairt ar na hinfheistíochtaí foluiteacha.
|
|
Airteagal 350 2.
|
Féadfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann
►C9
riosca ◄ sonrach agus
►C9
riosca ◄ ginearálta, le haghaidh suíomh in GCanna trí ghlacadh leis go bhfuil suímh ann arb ionann iad agus na suímh sin atá riachtanach chun aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht an innéacs atá ginte go seachtrach nó an bhascaeid sheasta de chothromas nó d'urrús fiachais dá dtagraítear i bpointe (a) thíos, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
is é cuspóir do shainordú an GC aithris a dhéanamh ar chomhdhéanamh agus ar fheidhmíocht innéacs atá ginte go seachtrach nó bascaeid sheasta de chothromas nó d'urrúis fiachais;
(b)
is féidir a léiriú go soiléir thar thréimhse sé mhí ar a laghad go bhfuil comhéifeacht chomhghaoil íosta 0.9 idir an toradh laethúil ar an GC agus an t-innéacs nó an bascaed de chothromas nó d'urrúis fiachais a rianaíonn sé.
|
|
Airteagal 350 3.
|
I gcás nach bhfuil an institiúid ar an eolas faoi infheistíochtaí foluiteacha an GC ar bhonn laethúil, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ an tsuímh a ríomh, arb éard a bheidh ann,
►C9
riosca ◄ sonrach agus
►C9
riosca ◄ ginearálta, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
glacfar leis go n-infheistíonn an GC ar dtús go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina shainordú sna haicmí sócmhainní sin a bhfuil an ceanglas cistí dílse is airde ag baint leo i leith
►C9
riosca ◄ shonraigh agus
►C9
riosca ◄ ghinearálta ar leithligh, agus ansin go leanann sé ar aghaidh ag infheistiú in ord íslitheach go dtí go mbainfear an teorainn uasta amach maidir le hinfheistíocht iomlán. Is mar shealúchas díreach sa suíomh a glacadh a láimhseálfar an suíomh sa GC;
(b)
cuirfidh institiúidí san áireamh an
►C9
neamhchosaint ◄ indíreach is airde a d'fhéadfaidís a bhaint amach trí shuímh luamhánaithe a ghlacadh tríd an GC nuair atá a gceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ shonraigh agus
►C9
riosca ◄ ghinearálta á ríomh ar leithligh acu, tríd an suíomh sa GC a mhéadú go comhréireach suas go dtí an
►C9
neamhchosaint ◄ uasta ar na hítimí infheistíochta foluiteacha a thig ón sainordú;
(c)
má sháraíonn an ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ shonraigh agus
►C9
riosca ◄ ghinearálta i dteannta a chéile i gcomhréir leis an mír seo an méid sin atá leagtha amach in Airteagal 348(1) cuirfear uasteorainn leis an gceanglas cistí dílse ar an leibhéal sin.
|
|
Airteagal 350 4.
|
Féadfaidh institiúidí dul i muinín na dtríú páirtithe seo a leanas chun ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ an tsuímh i gcás suíomh in GCanna a thagann faoi réim mhír 1 go mír 4 a ríomh agus a thuairisciú, i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha amach sa Chaibidil seo:
(a)
taisclann an GC ar choinníoll go n-infheistíonn an GC in urrúis amháin agus go gcuireann sé gach urrús i dtaisce sa taisclann seo;
(b)
i gcás GCanna eile, cuideachta bhainistíochta an GC, ar choinníoll go gcomhlíonann cuideachta bhainistíochta an GC na critéir a leagtar amach in Airteagal 132(3)(a).
Deimhneoidh iniúchóir seachtrach go bhfuil an ríomh cruinn.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|