+Airteagal 428q Aibíocht iarmhair sócmhainne
---+Airteagal 428q 1.
---+Airteagal 428q 2.
---+Airteagal 428q 3.
---+Airteagal 428q 4.
|
Airteagal 428q Aibíocht iarmhair sócmhainne
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 428q 1.
|
Mura sonraítear a mhalairt sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí aibíocht chonarthach iarmhair a sócmhainní agus a n-idirbheart lasmuigh den chlár comhardaithe san áireamh chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar a sócmhainní agus ar a n-ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe faoi Roinn 2 a chinneadh.
|
|
Airteagal 428q 2.
|
Déanfaidh institiúidí sócmhainní arna leithscaradh i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a láimhseáil i gcomhréir le
►C12
neamhchosaint ◄ fholuiteach na sócmhXainní sin. Ina ainneoin sin, cuirfidh institiúidí na sócmhainní sin faoi réir fachtóirí níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh ag brath ar an téarma ualaithe atá le cinneadh ag na húdaráis inniúla agus déanfaidh na húdaráis sin a mheas an féidir le hinstitiúid na sócmhainní sin a dhiúscairt nó a mhalartú gan srian agus breithneoidh siad téarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh.
|
|
Airteagal 428q 3.
|
Agus aibíocht iarmhair sócmhainne á ríomh acu, cuirfidh institiúidí céadroghanna san áireamh, bunaithe ar an toimhde go bhfeidhmeoidh an t-eisitheoir nó an contrapháirtí aon chéadrogha chun síneadh a chur le haibíocht sócmhainne. Maidir le céadroghanna is infheidhmithe de rogha na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid agus na húdaráis inniúla san áireamh fachtóirí clú a d'fhéadfadh teorainn a chur le cumas na hinstitiúide gan an chéadrogha a fheidhmiú, go háirithe ionchais na margaí agus na gcliant gur cheart don institiúid síneadh a chur le haibíocht sócmhainní áirithe nuair a bheidh a ndáta aibíochta istigh.
|
|
Airteagal 428q 4.
|
Chun na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 2 a chinneadh, maidir le hiasachtaí amúchta a bhfuil aibíocht chonarthach iarmhair bliana nó níos mó acu, déanfar aon sciar a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse is giorra ná sé mhí agus aon sciar a thagann in aibíocht laistigh de thréimhse idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin a láimhseáil mar sciar a bhfuil aibíocht iarmhair níos lú ná sé mhí aige nó idir sé mhí agus níos lú ná bliain amháin aige faoi seach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|