|
+Airteagal 428ag Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 % |
Airteagal 428ag Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %Airteagal 428ag Fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 % Beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe seo a leanas faoi réir fachtóir cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh 85 %:
(a)
aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar chorrlach tosaigh le haghaidh conarthaí díorthach, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, beidh feidhm ag an bhfachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a bheadh infheidhme maidir leis na sócmhainní sin ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe;
(b)
aon sócmhainní agus ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear airgead tirim, a bhreactar mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh, ach amháin i gcás ina sannfaí dóibh fachtóir níos airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh i gcomhréir le hAirteagal 428ah ach iad a bheith á sealbhú go neamhualaithe agus, sa chás sin, cuirfear i bhfeidhm an fachtóir is airde cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh atá le cur i bhfeidhm ar an tsócmhainn neamhualaithe;
(c)
iasachtaí neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu, cé is moite d'iasachtaí do chustaiméirí airgeadais agus d'iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 428r go hAirteagal 428af, nach mbíonn thar téarma ar feadh níos mó ná 90 lá agus a sanntar dóibh ualú ►C12 riosca ◄ is mó ná 35 % i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal II de Chuid a Trí;
(d)
táirgí a bhaineann le maoiniú trádála laistigh den chlár comhardaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu;
(e)
urrúis neamhualaithe a bhfuil aibíocht iarmhair bliana nó níos mó acu nach bhfuil ar mainneachtain i gcomhréir le hAirteagal 178 agus nach incháilithe mar shócmhainní leachtachta de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(f)
cothromais neamhualaithe arna dtrádáil ar na stocmhalartáin nach incháilithe mar shócmhainní leibhéal 2B de bhun an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1);
(g)
tráchtearraí fisiciúla arna dtrádáil, lena n-áirítear ór ach gan díorthaigh tráchtearraí a áireamh;
(h)
sócmhainní atá ualaithe le haghaidh aibíocht iarmhair aon bhliana amháin nó níos mó i gcomhthiomsú cumhdaigh a chistítear le bannaí faoi chumhdach dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE nó le bannaí faoi chumhdach lena gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|