+Airteagal 484 Incháilitheacht chun ítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE a mharthanú
---+Airteagal 484 1.
---+Airteagal 484 2.
---+Airteagal 484 3.
---+Airteagal 484 4.
---+Airteagal 484 5.
|
Airteagal 484 Incháilitheacht chun ítimí a cháiligh mar chistí dílse faoi bhearta náisiúnta trasuímh maidir le Treoir 2006/48/CE a mharthanú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 484 1.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir le hionstraimí agus ítimí a eisíodh an 31 Nollaig 2011 nó roimhe sin agus a bhí incháilithe mar chistí dílse an 31 Nollaig 2011 agus nach iad na hionstraimí ná na hítimí sin dá dtagraítear in Airteagal 483(1) iad.
|
|
Airteagal 484 2.
|
De mhaolú ar Airteagail 26 go 29, 51, 52, 62 agus 63, beidh feidhm ag an Airteagal seo i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2021
|
|
Airteagal 484 3.
|
Faoi réir Airteagal 485 den Rialachán seo agus faoi réir na teorann a shonraítear in Airteagal 486(2) de, caipiteal de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir 86/635/CEE agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh mar chistí dílse bunaidh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE, déanfar iad a cháiliú mar ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, d'ainneoin nach gcomhlíonann an caipiteal na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28 nó, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 29 den Rialachán seo.
|
|
Airteagal 484 4.
|
Faoi réir na teorann a shonraítear in Airteagal 486(3) den Rialachán sin, ionstraimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh mar chistí dílse bunaidh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (ca) d'Airteagal 57 agus Airteagal 154(8) agus (9) de Threoir 2006/48/CE, déanfar iad a cháiliú mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1, d'ainneoin na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52 den Rialachán sin.
|
|
Airteagal 484 5.
|
Faoi réir na dteorainneacha a shonraítear in Airteagal 486(4) den Rialachán sin, ítimí, agus na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, a cháiligh faoi na bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointí (e), (f), (g) nó (h) d'Airteagal 57 de Threoir 2006/48/CE déanfar iad a cháiliú mar ítimí Chaipiteal Leibhéal 2, d'ainneoin nár áiríodh na hítimí sin in Airteagal 62 den Rialachán seo nó d'ainneoin na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 63 den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|