|
+Airteagal 486 3. |
Airteagal 486 3.Tá méid na n-ítimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a cháileoidh mar ítimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 teoranta don chéatadán is infheidhme iolraithe faoin toradh a fhaightear nuair a dhealaítear suim na méideanna a shonraítear i bpointí (c) go (f) den mhír sin ó shuim na méideanna a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin:
(a)
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe fós an 31 Nollaig 2012;
(b)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
méid na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí, an 31 Nollaig 2012, os cionn na dteorainneacha a shonraítear sna bearta náisiúnta trasuímh maidir le pointe (a) d'Airteagal 66(1) agus Airteagal 66(1a) de Threoir 2006/48/CE;
(d)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (c);
(e)
méid ainmniúil na n-ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 484(4) a bhí eisithe an 31 Nollaig 2012 ach nach gcáilíonn mar ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 de bhun Airteagal 489(4);
(f)
na cuntais scairbhisigh a bhaineann leis na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (e). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|