|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Cuirfear toirmeasc ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:
(a)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é lena n-imscartar teicnící fo-thairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara dóibh cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis léi sin;
(b)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar dhuine nádúrtha nó ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas nó staid shonrach shóisialta nó eacnamaíoch, agus é de chuspóir nó d’éifeacht iompar an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;
(ba)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a ghineann nó a ionramhálann íomhánna, físeáin, fuaim nó ábhar comhchosúil de bhaill collaí duine nádúrtha in-sainaitheanta nó de dhuine nádúrtha in-sainaitheanta atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí gáirsiúla, gan toiliú sonrach, feasach, gan débhrí agus sainráite a bheith tugtha faoi shaoirse ag an duine sin don ghiniúint nó don ionramháil sin;
(bb)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é ghineann nó a ionramhálann ábhar nó taibhiú de réir bhrí Airteagal 2, pointí (c) agus (e), de Threoir 2011/93/AE, ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag cosaint “gan cheart” faoin dlí náisiúnta;
(c)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh i gcaitheamh tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta atá ar eolas, intuigthe nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:
(i)
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;
(ii)
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine nach bhfuil údar léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;
(d)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun a mheas nó a thuar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion coiriúil bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha, agus air sin amháin, nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a thréithe agus a shaintréithe pearsantachta; ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun tacú leis an measúnú daonna ar rannpháirtíocht duine i ngníomhaíocht choiriúil atá bunaithe cheana féin ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht choiriúil;
(e)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;
(f)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun mothúcháin duine nádúrtha a thuiscint i réimsí an ionaid oibre agus na n-institiúidí oideachais, ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid an chórais intleachta saorga a chur ar bun nó a chur isteach sa mhargadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta;
(g)
córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha aonair a aicmiú bunaithe ar a sonraí bithmhéadracha chun cine, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, saol gnéis nó gnéaschlaonadh a dhéanamh amach nó a thuiscint; ní chumhdaítear faoin toirmeasc sin aon lipéadú ná scagadh ar thacair sonraí bithmhéadracha a fuarthas go dleathach, amhail íomhánna, bunaithe ar shonraí bithmhéadracha nó catagóiriú sonraí bithmhéadracha i réimse fhorfheidhmiú an dlí;
(h)
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a bheith á n-úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:
(i)
cuardach spriocdhírithe a dhéanamh ar íospartaigh shonracha a bhaineann le fuadach, gáinneáil ar dhaoine nó teacht i dtír gnéasach ar dhaoine, chomh maith le daoine atá ar iarraidh a chuardach;
(ii)
garbhagairt shonrach shubstaintiúil ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc nó fíorbhagairt láithreach nó fíorbhagairt intuartha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;
(iii)
logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad. Tá pointe (h) den chéad fhomhír gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|