|
+Airteagal 5 1a. |
Airteagal 5 1a.Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (bb):
(a)
ní chuirfear toirmeasc ar chóras intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar nó an taibhiú dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (ba) nó (bb) ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i)
is í an ghiniúint nó an ionramháil sin an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga; nó
(ii)
fágann dearadh, oiliúint, ailtireacht, nó cumais an chórais, nó feidhmiúlachtaí an chórais a n-idirghníomhaíonn an t-úsáideoir leo, gur toradh atá measartha intuartha agus in-atáirgthe í an ghiniúint nó an ionramháil sin nach n-éilíonn modhnú teicniúil suntasach, agus níl bearta sábháilteachta teicniúla réasúnta agus leormhaithe ná coimircí eile ag an gcóras chun an ghiniúint nó an ionramháil sin a chosc go hiontaofa, agus mí-úsáid atá measartha intuartha á cur san áireamh, agus chun mí-úsáid bhreathnaithe nó thuairiscithe a cheartú;
(b)
ní chuirtear toirmeasc ar úsáid córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann an t-ábhar nó an taibhiú dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointí (ba) agus (bb) ach amháin i gcás ina n-úsáideann an t-úsáideoir gairmiúil an córas chun an t-ábhar nó an taibhiú sin a ghiniúint nó a ionramháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|