+Airteagal 5 3.
|
Airteagal 5 3.
Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (h) agus mhír 2, maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar an mBallstát ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil údar cuí léi, féadfar tús a chur le húsáid an chórais sin gan údarú ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin gan moill mhíchuí, laistigh de 24 uair an chloig, ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, cuirfear deireadh leis an úsáid le héifeacht láithreach agus, déanfar na sonraí go léir, chomh maith le torthaí agus aschur na húsáide sin, a chur i leataobh agus a scriosadh láithreach. Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach ná an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh agus, go háirithe, go bhfuil sé fós teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach maidir leis an tréimhse ama chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás sin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Ní fhéadfar aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” amháin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|