+Airteagal 5 5.
|
Airteagal 5 5.
Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama” a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), agus i míreanna 2 agus 3. Leagfaidh na Ballstáit sin lena mbaineann síos ina ndlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht agus tuairisciú a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (h)(iii) di, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu na cuspóirí sin agus cé acu na cionta sin a bhféadfaidh na húdaráis inniúla a údarú ina leith na córais sin a úsáid chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin 30 lá, ar a dhéanaí, tar éis a nglactha. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama”.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|