+Airteagal 26 5.

Airteagal 26 5.

Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad na soláthraithe ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 72. I gcás ina mbeidh cúis ag úsáideoirí gairmiúla a mheas go bhféadfadh riosca de réir bhrí Airteagal 79(1) a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga mar thoradh ar úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir agus an t-údarás ábhartha faireachais margaidh ar an eolas gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad úsáid an chórais sin ar fionraí. I gcás ina sainaithníonn úsáideoirí gairmiúla teagmhas tromchúiseach, láithreach bonn, cuirfidh siad an soláthraí ar dtús agus ansin an t-allmhaireoir nó an dáileoir agus na húdaráis ábhartha faireachais margaidh ar an eolas faoin teagmhas sin. Mura féidir leis an úsáideoir gairmiúil teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 73 mutatis mutandis. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ar údaráis forfheidhmithe dlí iad.

I gcás úsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun an dlí seirbhísí airgeadais ábhartha a chomhlíonadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas