+Airteagal 50 2.
|
Airteagal 50 2.
Soláthraithe córas intleachta saorga, lena n-áirítear córais intleachta saorga ilchuspóireacha, lena ngintear ábhar sintéiseach fuaime, íomhá, físe nó téacs, áiritheoidh siad go ndéanfar aschuir an chórais intleachta saorga a mharcáil i bhformáid mheaisín-inléite agus go mbeidh siad inbhraite mar ábhar a gineadh nó a ionramháladh go saorga. Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh a réitigh theicniúla éifeachtach, idir-inoibritheach, láidir agus iontaofa a mhéid is indéanta sin go teicniúil, agus sainiúlachtaí agus teorainneacha cineálacha éagsúla ábhair, costais an chur chun feidhme agus an úrscothacht a nglactar leo i gcoitinne á gcur san áireamh, mar a d’fhéadfaí a léiriú sna caighdeáin theicniúla ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin a mhéid a dhéanann na córais intleachta saorga feidhm chúnta le haghaidh eagarthóireacht chaighdeánach nó nach ndéanann siad athrú substaintiúil ar na sonraí ionchuir arna soláthar ag an úsáideoir gairmiúil ná ar shéimeantaic na sonraí sin, nó i gcás ina n-údaraítear le dlí iad chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|