+Airteagal 56 2.

Airteagal 56 2.

Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go gcumhdófar leis na cóid chleachtais ar a laghad na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas:

(a) 

modhanna lena áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a) agus (b), cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha;

(b) 

leibhéal leordhóthanach mionsonraí le haghaidh na hachoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúna;

(c) 

sainaithint chineál agus nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, i gcás inarb iomchuí;

(d) 

na bearta, na nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an doiciméadacht faoin méid sin, a bheidh comhréireach leis na rioscaí, déanfaidh siad déine agus dóchúlacht na rioscaí sin a mheas agus na dúshláin shonracha a bhaineann le dul i ngleic leis na rioscaí sin a chur san áireamh i bhfianaise na mbealaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus teacht ann na rioscaí sin feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas