Airteagal 57 7.
Soláthróidh na húdaráis inniúla treoir do sholáthraithe agus do sholáthraithe ionchasacha atá rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga maidir leis na hionchais rialála agus an chaoi a ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin do sholáthraí an chórais intleachta saorga nó do sholáthraí ionchasach an chórais intleachta saorga, soláthróidh an t-údarás inniúil cruthúnas i scríbhinn ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus ar éirigh leo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil imeachta ar fáil freisin ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus na torthaí gaolmhara agus na torthaí foghlama. Féadfaidh soláthraithe an doiciméadacht sin a úsáid chun a léiriú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo tríd an bpróiseas um measúnú comhréireachta nó trí ghníomhaíochtaí faireachais margaidh ábhartha. I ndáil leis sin, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na tuarascálacha imeachta agus an cruthúnas i scríbhinn arna soláthar ag an údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh go dearfach d’fhonn dlús réasúnach a chur leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|