+Airteagal 57 11.
|
Airteagal 57 11.
Ní dhéanfaidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga difear do chumhachtaí maoirseachta ná ceartaitheacha na n-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Má shainaithnítear aon riosca suntasach don tsláinte agus don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin, beidh maolú leormhaith ann. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta an próiseas tástála, nó rannpháirtíocht sa bhosca gainimh a chur ar fionraí go sealadach nó go buan mura féidir maolú éifeachtach a dhéanamh agus an Oifig um Intleacht Shaorga a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí maoirseachta laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha, agus a gcumhachtaí lánroghnacha á n-úsáid acu nuair a bheidh forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme acu maidir le tionscadal sonrach bosca gainimh rialála intleachta saorga ar leith, agus é mar chuspóir acu tacú leis an nuálaíocht san intleacht shaorga san Aontas.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|