+Airteagal 78 3.

Airteagal 78 3.

Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir gairmiúil nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe teorann, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, agus nuair a chuirfeadh an nochtadh sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol. Ní chumhdófar, leis an malartú faisnéise sin, sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.

Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas