+Airteagal 44 Comhar idirnáisiúnta
---+Airteagal 44 1
---+Airteagal 44 2

Airteagal 44 Comhar idirnáisiúnta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1

1.   Gan dochar d’Airteagal 36, féadfaidh ÚBE, ÚEUM agus ÚEÁPC, i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1095/2010 agus (AE) Uimh. 1094/2010, faoi seach, socruithe riaracháin a chur i gcrích le húdaráis mhaoirseachta agus rialála tríú tír chun comhar idirnáisiúnta a chothú maidir le riosca TFC tríú páirtí ar fud earnálacha airgeadais éagsúla, go háirithe trí dhea-chleachtais a fhorbairt chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialuithe agus cleachtais bainistithe riosca, bearta maolaithe agus freagairtí teagmhais i dtaca le TFC.

Airteagal 44 2

2.   Déanfaidh ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, tuarascáil rúnda chomhpháirteach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin gach 5 bliana ina ndéanfar achoimre ar thorthaí na bpléití ábhartha a rinneadh le húdaráis na dtríú tíortha dá dtagraítear i mír 1, ag díriú ar theacht chun cinn an riosca TFC tríú páirtí agus ar na himpleachtaí le haghaidh na cobhsaíochta airgeadais, shláine an mhargaidh, cosaint infheisteoirí agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas