+Airteagal 13 2.

Airteagal 13 2.

De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí, tráth a gheofar sonraí pearsanta, an fhaisnéis bhreise seo a leanas is gá chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú:

▼B

(a) 

tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;

(b) 

is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis ábhar sonraí agus go ndéanfaí ceartú nó léirscriosadh na sonraí sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;

(c) 

i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;

(d) 

an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;

(e) 

an ceanglas reachtach nó conarthach é an ceanglas sonraí pearsanta a sholáthar, nó an ceanglas é ar gá é le go ndéanfaí i gconradh, agus an bhfuil oibleagáid ar an ábhar sonraí na sonraí pearsanta sin a sholáthar mar aon leis na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás nár soláthraíodh na sonraí sin; agus

(f) 

is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú, dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus, sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis fhónta faoin loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas