|
+Airteagal 14 2. |
Airteagal 14 2.De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh an rialaitheoir don ábhar sonraí an fhaisnéis a leanas is gá chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú maidir leis an ábhar sonraí:
(a)
tréimhse stórála na sonraí pearsanta, nó murarb indéanta sin, na critéir a úsáidtear chun an tréimhse sin a chinneadh;
(b)
i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), na leasanna dlisteanacha atá á saothrú ag an rialaitheoir nó ag triú páirtí;
(c)
is ann don cheart rochtain ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhair sonraí agus ceartú nó léirscriosadh na sonraí pearsanta sin, a iarraidh ar an rialaitheoir, nó srianadh ar phróiseáil maidir leis an ábhar sonraí agus is ann don cheart agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála chomh maith leis an gceart chun iniomparthacht sonraí;
(d)
i gcás ina bhfuil an phróiseáil bunaithe ar phointe (a) d'Airteagal 6(1) nó ar phointe (a) d'Airteagal 9(2), beidh sé de cheart an toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, gan difear a dhéanamh do dhlíthiúlacht na próiseála atá bunaithe ar an toiliú sin a fháil roimh an tarraingt siar a dhéanamh;
(e)
an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta;
(f)
an fhoinse as ar tháinig na sonraí pearsanta, agus más infheidhme, ar tháinig na sonraí as foinsí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu; agus
(g)
is ann do chinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú dá dtagraítear in Airteagal 22(1) agus (4) agus sna cásanna sin ar a laghad, d'fhaisnéis a bhaineann leis an loighic a bheidh i gceist, chomh maith le suntasacht na próiseála sin agus na hiarmhairtí a mheastar a bheadh aici ar an ábhar sonraí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|