|
+Airteagal 14 5. |
Airteagal 14 5.Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 i gcás agus a mhéid gur fíor an méid seo a leanas:
(a)
tá an fhaisnéis faighte cheana ag an ábhar sonraí;
(b)
tá sé dodhéanta an fhaisnéis sin a sholáthar nó bhainfeadh iarracht dhíréireach lena soláthar, go háirithe le haghaidh próiseáil chun críoch cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críoch taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críoch staidrimh, faoi réir na gcoinníollacha agus na gcoimircí dá dtagraítear in Airteagal 89(1) nó a mhéid is dócha go bhfágann an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go mbeadh sé dodhéanta cuspóirí na próiseála sin a bhaint amach nó go gcuirfí isteach go mór ar bhaint amach na gcuspóirí sin. Sna cásanna sin, déanfaidh an rialaitheoir na bearta is gá chun cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint, lena n-áirítear an fhaisnéis a chur ar fáil go poiblí;
(c)
leagtar síos fáil nó nochtadh na sonraí go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir agus lena bhforáiltear do bhearta iomchuí chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a chosaint;
(d)
i gcás nach mór na sonraí pearsanta a choimeád faoi rún faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla arna rialú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, lena n-áirítear oibleagáid rúndachta reachtúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|