+Airteagal 18 1.

Airteagal 18 1.

Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil i gcásanna ina bhfuil feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:

(a) 

cuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne chruinneas na sonraí pearsanta ar feadh tréimhse le go bhféadfaidh an rialaitheoir cruinneas na sonraí pearsanta a fhíorú;

(b) 

i gcás ina bhfuil an phróiseáil neamhdhleathach agus ina gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne léirscriosadh na sonraí pearsanta agus ina n-iarrann sé go gcuirfear srian lena n-úsáid in áit iad a scriosadh;

(c) 

níl na sonraí de dhíth ar an rialaitheoir a thuilleadh chun críocha na próiseála, ach tá siad de dhíth ar an ábhar sonraí chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó

(d) 

tá curtha i gcoinne próiseála ag an ábhar sonraí de bhun Airteagal 21(1) go dtí go bhfíorófar an mbeidh sáraíocht ag forais dhlisteanacha an rialaitheora ar fhorais dhlisteanacha an ábhair sonraí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas