►C2
Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí agóid a dhéanamh, ar fhorais a bhaineann lena staid leithleach féin, ag am ar bith, i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi féin agus é arna bhunú ar phointe (e) nó ar phointe (f) d'Airteagal 6(1), lena n-áirítear próifíliú bunaithe ar na forálacha sin.
◄ Ní phróiseálfaidh an rialaitheoir na sonraí pearsanta a thuilleadh mura rud é go dtaispeánfaidh an rialaitheoir go bhfuil forais dhlisteanacha thathantacha leis an bpróiseáil a dhéanamh ar forais iad a bhfuil sáraíocht acu ar leasanna, ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.