Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta sin atá riachtanach i gcás gach cuspóra shonraigh atá leis an bpróiseáil.
►C2
Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí pearsanta a bhailítear, an oiread próiseála a dhéantar orthu, an tréimhse a stóráiltear iad lena linn agus an rochtain atá orthu.
◄ Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.