|
+Airteagal 28 3. |
Airteagal 28 3.Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir ó thaobh dlí agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí do na sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Foráilfear sa chonradh nó sa ghníomh dlíthiúil eile go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:
(a)
ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir in iúl faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin mura gcoisctear an fhaisnéis sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;
(b)
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;
(c)
déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 32;
(d)
urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;
(e)
agus cineál na próiseála á chur san áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;
(f)
cúnamh a thabhairt don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 32 go hAirteagal 36, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;
(g)
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis dheireadh sholáthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí agus na cóipeanna atá ar marthain a scriosadh, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí údarú sonrach nó ginearálta sin a stóráil; agus
(h)
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí atá leagtha síos san Airteagal seo a thaispeáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus beidh baint aige leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin. I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais nó Ballstáit. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|