|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Coimeádfaidh gach rialaitheoir agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an rialaitheora taifead de ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. ►C2 Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas sa taifead sin: ◄
(a)
ainm agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála aon rialaitheora chomhpháirtigh, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora agus an oifigigh cosanta sonraí;
(b)
críocha na próiseála;
(c)
tuairisc ar na catagóirí ábhar sonraí agus ar na catagóirí sonraí pearsanta;
(d)
na catagóirí faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;
(e)
i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;
(f)
más féidir, na teorainneacha ama atá beartaithe chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;
(g)
más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|