+Airteagal 30 2.

Airteagal 30 2.

Coimeádfaidh gach próiseálaí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaí an phróiseálaí taifead ar na catagóirí uile gníomhaíochtaí próiseála, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar thar ceann an rialaitheora agus áireofar an méid seo a leanas sa taifead sin:

(a) 

ainm agus sonraí teagmhála an phróiseálaí nó na bpróiseálaithe agus ainm agus sonraí teagmhála gach rialaitheora ar thar a cheann atá an próiseálaí ag feidhmiú, agus, i gcás inarb infheidhme, ainm agus sonraí teagmhála ionadaí an rialaitheora nó an phróiseálaí, agus an oifigigh cosanta sonraí;

(b) 

catagóirí na próiseála a rinneadh thar ceann gach rialaitheora;

(c) 

i gcás in arb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta go tríú tír nó go heagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin a ainmniú agus, i gcás aistrithe dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 49(1), na doiciméid maidir le coimircí oiriúnacha;

(d) 

más féidir, cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas