►C2
Comhlachais agus comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhfuil sé beartaithe acu cód iompair a ullmhú nó cód atá ann a leasú nó síneadh a chur leis, cuirfidh siad an dréachtchód, an leasú nó an síneadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta atá inniúil de bhun Airteagal 55.
◄ Tabharfaidh an t-údarás maoirseachta tuairim faoin Rialachán seo a bheith nó gan a bheith i gcomhréir leis an dréachtchód, leis an leasú nó leis an síneadh, agus formhuineoidh sé an dréachtchód, an leasú nó an síneadh sin má chinneann sé go bhfuil coimircí iomchuí leordhóthanacha á gcur ar fáil aige.