|
+Airteagal 46 2. |
Airteagal 46 2.Féadfar foráil a dhéanamh do na coimircí iomchuí dá dtagraítear i mír 1, gan aon údarú sonrach a bheith ag teastáil ó údarás maoirseachta, trí:
(a)
ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí agus in-fhorfheidhmithe idir údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí;
(b)
rialacha ceangailteacha corparáideacha i gcomhréir le hAirteagal 47;
(c)
clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);
(d)
clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta agus arna bhformheas ag an gCoimisiún de bhun an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2);
(e)
cód iompair formheasta de bhun Airteagal 40 i dteannta gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí; nó
(f)
sásra deimhniúcháin formheasta de bhun Airteagal 42 i dteannta le gealltanais cheangailteacha in-fhorfheidhmithe ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí sa tríú tír na coimircí iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cearta na n-ábhar sonraí do na sonraí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|