+Airteagal 49 1.

Airteagal 49 1.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta de bhun Airteagal 45(3), nó in éagmais coimircí iomchuí de bhun Airteagal 46, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáideacha, ní dhéanfar aistriú sonraí pearsanta ná sraith d'aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin ar cheann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

gur thoiligh an t-ábhar sonraí go follasach leis an aistriú atá beartaithe, tar éis é a bheith curtha ar an eolas go bhféadfaidh rioscaí bheith ag baint le haistrithe den sórt sin don ábhar sonraí in éagmais cinneadh leordhóthanachta agus in éagmais coimircí iomchuí;

(b) 

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh idir an t-ábhar sonraí agus an rialaitheoir a chomhlíonadh nó chun bearta réamhchonarthacha a chur chun feidhme arna iarraidh sin don ábhar sonraí;

(c) 

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun conradh, arna dhéanamh chun leasa an ábhair sonraí, idir an rialaitheoir agus duine nádúrtha nó dlítheanach eile a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh;

(d) 

gur gá an t-aistriú a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí;

(e) 

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint;

(f) 

gur gá an t-aistriú a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó daoine eile a chosaint, i gcás nach féidir leis an ábhar sonraí toiliú a thabhairt go fisiciúil nó go dlíthiúil; nó

(g) 

go ndéantar an t-aistriú ó chlár arna cheapadh, de réir dhlí an Aontais nó dlí Ballstáit, chun faisnéis a chur ar fáil don phobal, ar clár é a fhéadfaidh an pobal i gcoitinne a cheadú nó a fhéadfaidh aon duine a thaispeánann leas dlisteanach a cheadú, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha maidir le comhairliúchán atá leagtha síos le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit comhlíonta sa chás áirithe.

I gcás nach bhféadfaí aistriú a bhunú ar fhoráil in Airteagal 45 nó 46, lena n-áirítear na forálacha maidir le rialacha ceangailteacha corparáideacha, agus nach bhfuil aon cheann de na maoluithe do chás sonrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo infheidhme, ní fhéadfar aistriú chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a dhéanamh ach amháin sa chás nach aistriú atarlaitheach é, nach mbaineann sé ach le líon teoranta ábhar sonraí, gur gá é chun críocha leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú ag an rialaitheoir agus nach bhfuil sáraíocht ag leasanna, cearta nó saoirsí an ábhair sonraí orthu, agus go bhfuil measúnú déanta ag an rialaitheoir ar na himthosca ar fad a bhaineann leis an aistriú sonraí agus, ar bhonn an mheasúnaithe sin, go bhfuil coimircí oiriúnacha soláthraithe aige i ndáil le cosaint sonraí pearsanta Maidir le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an rialaitheoir an t-údarás maoirseachta ar an eolas faoin aistriú. Chomh maith leis an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas maidir leis an aistriú agus maidir leis na leasanna dlisteanacha tathantacha atá á saothrú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas