|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Toimhdeofar go gcomhlíonann gnóthas na ceanglais faoi seach i mír 1:
(a)
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (a), i gcás ina mbaineann sé láimhdeachas bliantúil an Aontais atá comhionann le EUR 7,5 billiún nó os a chionn amach i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais roimhe sin, nó i gcás inarb ionann agus EUR 75 bhilliún ar a laghad a mheánchaipitliú margaidh nó a mhargadhluach cothrom coibhéiseach sa bhliain airgeadais roimhe sin, agus ina soláthraíonn sé an chroísheirbhís ardáin chéanna i dtrí Bhallstát ar a laghad;
(b)
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (b), i gcás ina soláthraíonn sé croísheirbhís ardáin a bhfuil ar a laghad 45 milliún úsáideoir deiridh gníomhach in aghaidh na míosa aige sa bhliain airgeadais roimhe sin atá bunaithe nó suite san Aontas agus ar a laghad 10 000 úsáideoir gnó gníomhach in aghaidh na bliana atá bunaithe san Aontas, a sainaithníodh agus a ríomhadh i gcomhréir leis an modheolaíocht agus na táscairí a leagtar amach san Iarscríbhinn;
(c)
a mhéid a bhaineann le mír 1, pointe (c), i gcás inar sásaíodh na tairseacha i bpointe (b) den mhír seo i ngach ceann de na 3 bliana airgeadais dheireanacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|