Airteagal 3 3.
I gcás ina gcomhlíonann gnóthas a bhfuil croísheirbhísí ardáin á soláthar aige na tairseacha go léir i mír 2, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis sin gan mhoill agus i gcás ar bith laistigh de 2 mhí i ndiaidh na dtairseach sin a shásamh agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 dó. Áireofar leis an bhfógra sin an fhaisnéis ábhartha a shainaithnítear i mír 2 i dtaca le gach ceann de chroísheirbhísí ardáin an ghnóthais a shásaíonn na tairseacha i mír 2 pointe (b). Cibé uair a shásaíonn croísheirbhís ardáin eile arna soláthar ag an ngnóthas a ainmníodh mar gheatóir roimhe seo na tairseacha i mír 2, pointí (b) agus (c), cuirfidh an gnóthas sin an Coimisiún ar an eolas faoi sin laistigh de 2 mhí tar éis do na tairseacha sin a bheith sásaithe. I gcás nach gcuirfidh an gnóthas a bhfuil na croísheirbhísí ardáin á soláthar aige an Coimisiún ar an eolas de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo agus nach gcuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis ábhartha go léir atá de dhíth ar an gCoimisiún chun an gnóthas lena mbaineann a ainmniú mar gheatóir de bhun mhír 4 den Airteagal seo faoin spriocdháta arna leagan síos ag an gCoimisiún san iarraidh ar fhaisnéis de bhun Airteagal 21, beidh an Coimisiún fós i dteideal an gnóthas sin a ainmniú mar gheatóir, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil don Choimisiún. I gcás go gcomhlíonann an gnóthas a bhfuil croísheirbhís ardáin á soláthar aige an iarraidh ar fhaisnéis de bhun an dara fomhír den mhír seo nó i gcás ina soláthraítear an fhaisnéis tar éis don spriocdháta dá dtagraítear san fhomhír sin dul in éag, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 i bhfeidhm.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|