+Airteagal 6 3.
|
Airteagal 6 3.
Ceadóidh agus cumasóidh an geatóir go teicniúil úsáideoirí deiridh chun aon fheidhmchláir bogearraí atá ar chóras oibriúcháin an gheatóra a dhíshuiteáil, gan dochar do chumas an gheatóra sin díshuiteáil den sórt sin a shrianadh maidir le feidhmchláir bogearraí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú an chórais oibriúcháin nó an ghléis, agus nach bhféadann tríú páirtithe a thairiscint go teicniúil ná go neamhspleách. Tabharfaidh an geatóir cead do na húsáideoirí deiridh agus cuirfidh sé ar a gcumas teicniúil réamhshocruithe a athrú go héasca ar a chóras oibriúcháin, ar a chúntóir fíorúil agus ar a bhrabhsálaí gréasáin lena ndéantar úsáideoirí deiridh a sheoladh nó a stiúradh chuig táirgí nó seirbhísí a sholáthraíonn an geatóir. Cuimsíonn sé sin a iarraidh ar úsáideoirí deiridh, nuair a úsáideann na húsáideoirí deiridh innill chuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaithe gréasáin an gheatóra atá liostaithe sa chinneadh ainmniúcháin de bhun Airteagal 3(9) den chéad uair, an t-inneall cuardaigh ar líne, cúntóir fíorúil nó brabhsálaí gréasáin a seolann nó a stiúrann córas oibriúcháin an gheatóra úsáideoirí chucu mar réamhshocrú, agus an t-inneall cuardaigh ar líne a seolann nó a stiúrann cúntóir fíorúil agus brabhsálaí gréasáin an gheatóra úsáideoirí chuige mar réamhshocrú, a roghnú ó liosta na bpríomhsholáthraithe seirbhíse atá ar fáil.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|