+Airteagal 30 3.

Airteagal 30 3.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh, lena bhforchuirtear ar ghnóthais agus, lena n-áirítear geatóirí i gcás inarb infheidhme, ar chomhlachais gnóthas, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin i gcás, d’aon ghnó nó le faillí:

(a) 

nach soláthraíonn siad faisnéis atá riachtanach chun a n-ainmniú mar gheatóirí laistigh den teorainn ama de bhun Airteagal 3 nó ina soláthraíonn siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach;

(b) 

nach gcomhlíonann siad an oibleagáid fógra a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3(3) a chomhlíonadh;

(c) 

nach dtugann siad fógra faoi fhaisnéis nó ina ndéanann siad faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear a thabhairt de bhun Airteagal 14;

(d) 

nach gcuireann siad an tuairisc isteach, nó ina ndéanann siad faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a sholáthar, ar faisnéis í a cheanglaítear de bhun Airteagal 15;

(e) 

nach ndéanann siad rochtain a thabhairt ar shonraí, ar algartaim nó ar fhaisnéis faoi thástáil mar fhreagra ar iarraidh arna dhéanamh de bhun Airteagal 21(3);

(f) 

nach ndéanann siad faisnéis a iarradh a sholáthar laistigh den teorainn ama a socraíodh de bhun Airteagal 21(3) nó faisnéis nó míniúchán atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach a iarrtar de bhun Airteagail 21 nó a tugadh in agallamh de bhun Airteagal 22;

(g) 

nach gceartaíonn siad, laistigh de theorainn ama arna socrú ag an gCoimisiún, faisnéis atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, a thug ionadaí nó ball foirne, nó nach soláthraíonn siad nó ina ndiúltaíonn siad faisnéis iomlán a sholáthar maidir le fíorais a bhaineann le hábhar agus le cuspóir cigireachta de bhun Airteagal 23;

(h) 

ina ndiúltaíonn siad géilleadh do chigireacht de bhun Airteagal 23;

(i) 

nach gcomhlíonann siad na hoibleagáidí arna bhforchur ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 26;

(j) 

nach dtugann siad feidhm chomhlíonta isteach i gcomhréir le hAirteagal 28; nó

(k) 

nach gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le rochtain ar chomhad an Choimisiúin de bhun Airteagal 34(4).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas