+Airteagal 89 3.

Airteagal 89 3.

Cuirfidh údaráis inniúla na ceanglais atá leagtha amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) i bhfeidhm maidir le sealúchais cháilitheacha na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2:

(a) 

chun an ceanglas caipitil a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí cuirfidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 1 250 % leis an gceann is mó de na cinn a leanas:

(i) 

méid na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 1 ar mó iad ná 15 % den chaipiteal incháilithe;

(ii) 

méid iomlán na sealúchas cáilitheach dá dtagraítear i mír 2 ar mó iad ná 60 % de chaipiteal incháilithe na hinstitiúide;

(b) 

cuirfidh na húdaráis inniúla toirmeasc ar institiúidí sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bheith acu nuair is mó é a méid ná na céatadáin de chaipiteal incháilithe atá leagtha amach sna míreanna sin.

Foilseoidh na húdaráis inniúla a rogha idir (a) nó (b).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas