+Airteagal 243 1.

Airteagal 243 1.

Beidh suíomhanna i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

maidir leis na risíochtaí foluiteacha, comhlíonfaidh siad, tráth a gcuirfear leis an gclár ABCP iad, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, na coinníollacha maidir lena sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, agus beidh acu ualú priacail is cothrom le 75 % nó is ísle ná sin ar bhonn risíocht aonair más risíocht mhiondíola í an risíocht nó 100 % i gcás aon risíochtaí eile; agus

(b) 

ní mó ná 2 % de luach na risíochtaí uile atá laistigh den chlár ABCP luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair ar leibhéal an chláir ABCP tráth a gcuirfear na risíochtaí leis an gclár ABCP. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile, chomh fada agus is eol don urraitheoir.

I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá ►C11  riosca ◄ creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin.

I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug an tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina gcuireann an institiúid an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 248(3), i bhfeidhm nó inar tugadh cead di úsáid a bhaint as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265, is coibhéiseach le 100 % nó níos lú an t-ualú priacail sin a shannfadh an institiúid sin do shaoráid leachtachta lena gcuimsítear go hiomlán an ABCP a eisítear faoin gclár.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas