+Airteagal 4 Ainmniú agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
|
Airteagal 4 Ainmniú agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a chomhlíonfaidh na feidhmeanna agus na dualgais dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán 9AE) 2019/2033. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, ÚBE agus ÚEUM ar an eolas faoin ainmniú sin, agus i gcás ina mbeidh níos mó ná údarás inniúil amháin i gceist, cuirfidh siad ar an eolas iad faoi fheidhmeanna agus dualgais gach údaráis inniúil.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla maoirseacht ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta, agus, más infheidhme, ar ghníomhaíochtaí cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla, lena n‐áirítear an chumhacht seiceálacha a dhéanamh ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 14, an fhaisnéis is gá a fháil lena mheasúnú an bhfuil ceanglais na Treorach seo agus Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh ag gnólachtaí infheistíochta agus, más infheidhme, cuideachtaí sealbhaíochta infheistíochta agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, agus imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na ceanglais sin.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an saineolas, na hacmhainní, an acmhainneacht oibríochtúil, na cumhachtaí agus an neamhspleáchas is gá ag na húdaráis inniúla chun na feidhmeanna a bhaineann leis an maoirseacht stuamachta, leis na himscrúduithe agus leis na smachtbhannaí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dá n‐údaráis inniúla chun a mheasúnú an bhfuil na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 á gcomhlíonadh acu. Is trí shásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta na ngnólachtaí infheistíochta a chumasófar do na húdaráis inniúla chun a sheiceáil i gcónaí an bhfuil na forálacha sin á gcomhlíonadh acu.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólachtaí infheistíochta gach idirbheart dá gcuid agus gach córas doiciméad agus próiseas atá faoi réir na Treorach seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a thaifeadadh ar mhodh ina bhféadfaidh na húdaráis inniúla a sheiceáil i gcónaí an bhfuil na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 á gcomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|