+Airteagal 27 Tuairisciú de réir tíre
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.

Airteagal 27 Tuairisciú de réir tíre

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 27 1.

Maidir le gnólachtaí infheistíochta ag a bhfuil brainse nó fochuideachta ar institiúid airgeadais é nó í mar a shainmhínítear sin i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i mBallstát nó i dtríú tír seachas an ceann sin inar deonaíodh údarú an ghnólachta infheistíochta, cuirfidh na Ballstáit de cheangal orthu go nochtfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar bhonn bliantúil de réir Ballstáit agus tríú tír:

(a) 

ainm agus áit aon fhochuideachtaí agus brainsí agus cineál a ngníomhaíochtaí;

(b) 

láimhdeachas;

(c) 

líon na bhfostaithe ag obair ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha;

(d) 

brabús nó caillteanas roimh cháin;

(e) 

cáin ar an mbrabús nó ar an gcaillteanas;

(f) 

na fóirdheontais phoiblí a fuarthas.

Airteagal 27 2.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a iniúchadh i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE agus, más féidir, cuirfear í mar iarscríbhinn leis na ráitis airgeadais bhliantúla nó, más infheidhme, le ráitis airgeadais bhliantúla an ghnólachta infheistíochta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas