|
+Airteagal 434b 4. |
Airteagal 434b 4.Chun críche bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
(b)
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus, i gcásanna den sórt sin, cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|