+Airteagal 10 Sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.

Airteagal 10 Sealúchais cháilitheacha lasmuigh den earnáil airgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Chun críocha na Coda seo, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta méideanna de bhreis ar na teorainneacha a shonraítear i bpointí (a) agus (b) a asbhaint ón gcinneadh i leith ítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

(a) 

sealúchas cáilitheach, ar mó a mhéid ná 15 % de chistí dílse an ghnólachta infheistíochta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo ach gan an asbhaint dá dtagraítear i bpointe (k)(i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, i ngnóthas nach eintiteas earnála airgeadais é;

(b) 

méid iomlán na sealúchas cáilitheach de ghnólacht infheistíochta i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad ar mó a mhéid na 60 % dá chistí dílse arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo ach gan an asbhaint dá dtagraítear i bpointe (k)(i) d'Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 10 2.
Féadfaidh na húdaráis inniúla toirmeasc a chur ar ghnólacht infheistíochta sealúchais cháilitheacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith aige i gcás inar mó méid na sealúchas sin ná na céatadáin cistí dílse a leagtar síos sa mhír sin. Poibleoidh na húdaráis inniúla gan mhoill an cinneadh ina bhfeidhmeoidh siad an chumhacht sin.
Airteagal 10 3.

Ní dhéanfar scaireanna i ngnóthais nach eintitis earnála airgeadais iad a áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

sealbhaítear na scaireanna sin go sealadach le linn oibríocht cúnaimh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(b) 

is suíomh frithgheallta arna shealbhú ar feadh cúig lá oibre nó níos giorra é sealúchas na scaireanna sin;

(c) 

sealbhaítear na scaireanna sin in ainm na gnólachta infheistíochta féin agus thar ceann daoine eile.

Airteagal 10 4.
Ní dhéanfar scaireanna nach sócmhainní seasta airgeadais iad dá dtagraítear in Airteagal 35(2) de Threoir 86/635/CEE a áireamh sa ríomh a shonraítear i mír 1 den Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas