|
+Airteagal 445a 1. |
Airteagal 445a 1.Nochtfaidh institiúidí atá faoi réir na gceanglas cistí díse le haghaidh riosca CVA an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
forbhreathnú ar a bpróisis chun a riosca CVA a shainaithint, a thomhas, a fhálú agus faireachán a dhéanamh air;
(b)
cibé a chomhlíonann, nó nach gcomhlíonann, institiúidí na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 273a(2); i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, cibé a roghnaigh, nó nár roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ag úsáid an chur chuige shimplithe a leagtar amach in Airteagal 385; i gcás inar roghnaigh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh ag úsáid an chur chuige shimplithe, na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir leis an gcur chuige sin;
(c)
líon iomlán na gcontrapháirtithe a n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe ina leith, le miondealú de réir cineálacha contrapháirtithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|