|
+Airteagal 5 3. |
Airteagal 5 3.Sula mbeidh suíomh urrúsúcháin aige, déanfaidh infheisteoir institiúideach, seachas an tionscnóir, an t-urraitheoir nó an t-iasachtóir bunaidh, dícheall cuí ionas go mbeidh sé in ann na rioscaí a bhaineann leis an suíomh a mheasúnú. Sa mheasúnú sin measfar ar a laghad an méid seo a leanas:
(a)
saintréithe riosca an tsuímh urrúsúcháin aonair agus na neamhchosaintí foluiteacha;
(b)
gnéithe struchtúracha uile an urrúsaithe a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar fheidhmíocht an tsuímh urrúsúcháin, lena n-áirítear na tosaíochtaí conarthacha íocaíochta agus an tosaíocht maidir le truicir atá bainteach le híocaíocht, feabhsuithe creidmheasa, feabhsuithe leachtachta, truicir maidir leis an margadhluach, agus sainmhínithe ar mhainneachtain a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta;
(c)
maidir le hurrúsú ar fógraíodh go raibh sé STS i gcomhréir le hAirteagal 27, go gcomhlíonann an t-urrúsú sin na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 19 go dtí Airteagal 22 nó in Airteagal 23 go hAirteagal 26, agus in Airteagal 27. Féadfaidh infheisteoirí institiúideacha iontaoibh iomchuí a chur san fhógra STS de bhun Airteagal 14(1) agus san fhaisnéis arna nochtadh ag an tionscnóir, ag an urraitheoir agus ag an SSPE maidir le comhlíonadh na gceanglas STS, gan bheith ag brath go meicníoch ar an bhfógra sin nó ar an bhfaisnéis sin, agus gan bheith ag brath orthu sin amháin. D’ainneoin phointe (a) agus do phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás clár ABCP dá dtugtar lántacaíocht, breathnóidh infheisteoirí institiúideacha sna páipéir tráchtála a d’eisigh an clár ABCP sin ar ghnéithe an chláir ABCP agus ar an tacaíocht leachtachta iomlán. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|