+Airteagal 26c 2.

Airteagal 26c 2.

I ndoiciméadacht an idirbhirt, tabharfar tuairisc ar an ráta úis agus ar na rioscaí airgeadra a eascraíonn as urrúsú agus ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu ar íocaíochtaí a dhéantar leis an tionscnóir agus leis na hinfheisteoirí. Déanfar na rioscaí sin a mhaolú go hiomchuí agus nochtfar aon bhearta a ghlactar chuige sin. Aon chomhthaobhacht lena ndaingnítear oibleagáidí an infheisteora faoin gcomhaontú cosanta creidmheasa, ainmneofar í san airgeadra céanna ina n-ainmnítear an íocaíocht cosanta creidmheasa.

I gcás urrúsú lena mbaintear úsáid as SSPE, beidh méid dliteanais SSPE a mhéid a bhaineann le híocaíochtaí úis do na hinfheisteoirí, ag gach dáta íocaíochta, cothrom le méid ioncam SSPE ón tionscnóir agus le haon socruithe comhthaobhachta, nó níos lú ná na méideanna sin.

Ní bheidh díorthaigh san áireamh sa chomhthiomsú de neamhchosaintí foluiteacha ach amháin chun rioscaí maidir leis an ráta úis nó rioscaí airgeadra na neamhchosaintí foluiteacha a fhálú. Déanfar na díorthaigh sin a fhrithghealladh agus a dhoiciméadú de réir caighdeáin choitianta i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas