+Airteagal 40 An Uirlis Díolta Gnó
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2
---+Airteagal 40 3
---+Airteagal 40 4
---+Airteagal 40 5
---+Airteagal 40 6
---+Airteagal 40 7
---+Airteagal 40 8
---+Airteagal 40 9
---+Airteagal 40 10
---+Airteagal 40 11
---+Airteagal 40 12
|
Airteagal 40 An Uirlis Díolta Gnó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1
|
1. Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach CPL idirlinne é:
|
(a)
|
ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach; agus
|
|
(b)
|
aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann le CPL faoi réiteach.
|
Déanfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL nó aon tríú páirtí cé is moite den cheannaitheoir agus gan aon cheanglais nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 41.
|
|
Airteagal 40 2
|
2. Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na cúinsí agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, glacfaidh an t-údarás réitigh gach céim réasúnach chun téarmaí tráchtála a bhaint amach atá i gcomhréir leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).
|
|
Airteagal 40 3
|
3. Faoi réir Airteagal 27(10), rachaidh aon chomaoin a íocfaidh ceannaitheoir chun sochair:
|
(a)
|
d’úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na n-ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir;
|
|
(b)
|
don CPL faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí shócmhainní nó trí dhliteanais an CPL ar fad, nó cuid díobh, a aistriú chuig an gceannaitheoir;
|
|
(c)
|
d’aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh mar thoradh ar chur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh le linn réitigh, i gcomhréir leis na caillteanais a d’éirigh dóibh le linn réitigh.
|
|
|
Airteagal 40 4
|
4. Déanfar aon chomaoin arna híoc ag an gceannaitheoir i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo a leithdháileadh mar a leanas:
|
(a)
|
tráth a tharlaíonn teagmhas a chumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar forchuireadh na caillteanais le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL; nó
|
|
(b)
|
tráth a tharlaíonn teagmhas nach gcumhdaítear le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagail 43 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, in aisiompú an oird inar leithdháileadh na caillteanais i gcomhréir le haon rialacha is infheidhme de chuid an CPL.
|
Déanfar leithdháileadh aon chomaoine a bheidh fágtha ansin i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
|
|
Airteagal 40 5
|
5. Féadfaidh an t-údarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a dhéanamh.
|
|
Airteagal 40 6
|
6. Féadfaidh an t-údarás réitigh, le toiliú an cheannaitheora, na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistríodh chuig an gceannaitheoir a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na daoine ar leo iad i dtosach.
I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta den sórt sin a thógáil ar ais.
|
|
Airteagal 40 7
|
7. Cuirfear i gcrích aon aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, bíodh údarú ag an gceannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála nó ná bíodh.
I gcás nach n-údarófar don cheannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a eascróidh as an éadáil a dhéanamh, déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhairle leis an údarás inniúil, measúnú díchill chuí mar is iomchuí ar an gceannaitheoir agus áiritheoidh sé go mbeidh an cumas gairmiúil agus teicniúil ag an gceannaitheoir chun feidhmeanna an CPL ceannaithe a dhéanamh agus go ndéanfaidh an ceannaitheoir iarratas ar údarú a luaithe is indéanta agus laistigh de mhí amháin, ar a dhéanaí, ón uair a chuirtear an uirlis díola gnó i bhfeidhm. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar aon iarratas den sórt sin ar údarú a mheas ar bhealach luathaithe.
|
|
Airteagal 40 8
|
8. I gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 as aistriú na n-ionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de thréimhse nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díola gnó agus nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.
|
|
Airteagal 40 9
|
9. I gcás nach gcríochnóidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 8 faoin dáta a bheidh feidhm le haistriú na n-ionstraimí úinéireachta, beidh feidhm leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
beidh éifeacht dlí láithreach ag aistriú na n-ionstraimí úinéireachta ón dáta a aistrítear iad;
|
|
(b)
|
le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f) den mhír seo, cuirfear ar fionraí cearta vótála an cheannaitheora a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta sin agus is san údarás réitigh amháin a dhílseofar iad, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás réitigh na cearta sin a fheidhmiú agus, mura rud é go mbeidh mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach le tuiscint sa ghníomh nó sa neamhghníomh, ní bheidh sé faoi dhliteanas iad a fheidhmiú ná staonadh ó iad a fheidhmiú;
|
|
(c)
|
le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dhífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f) den mhír seo, ní bheidh feidhm maidir leis an aistriú sin ag aon phionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ná ag bearta i leith na gceanglas a shárú maidir le héadálacha nó diúscairtí sealúchas cáilitheach dá bhforáiltear in Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(d)
|
tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don cheannaitheoir i leith thoradh a mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go pras tar éis dó a mheasúnú a chur i gcrích;
|
|
(e)
|
i gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne an aistrithe, measfar na cearta vótála a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta a bheith dílsithe ina n-iomláine sa cheannaitheoir ón lá a thabharfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo;
|
|
(f)
|
i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne aistriú na n-ionstraimí úinéireachta, leanfaidh pointe (b) d’fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó na dálaí margaidh a chur san áireamh, tréimhse dhífheistithe a chur ar bun ina ndéanfaidh an ceannaitheoir na hionstraimí úinéireachta sin a dhífheistiú.
|
|
|
Airteagal 40 10
|
10. Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar an ceannaitheoir a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.
|
|
Airteagal 40 11
|
11. Ní chuirfear cosc ar an gceannaitheoir dá dtagraítear i mír 1 cearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais íocaíochta agus socraíochta nó ar BMAnna nasctha agus ionaid trádála eile ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir na critéir le haghaidh ballraíocht nó rannpháirtíocht sna córais, sna bonneagair nó sna hionaid trádála sin.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar BMAnna agus ionaid trádála nasctha eile don cheannaitheoir ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó na bonneagair nó na hionaid trádála sin.
I gcás nach gcomhlíonfaidh an ceannaitheoir na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an ceannaitheoir leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a bheith aige ar na córais sin agus ar bhonneagair eile agus ar ionaid trádála ar feadh na tréimhse a shaineoidh an t-údarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.
|
|
Airteagal 40 12
|
12. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus cliaint an CPL atá faoi réiteach, agus tríú páirtithe eile nach n-aistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu, ní bheidh aon chearta acu ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna n-aistriú ná ní bheidh aon cheart acu i dtaca leo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|