1. Beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó aon teagmhas a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht sin a chur i bhfeidhm, ní mheasfar gur imeachtaí dócmhainneachta, teagmhas forfheidhmithe ná teagmhas mainneachtana de réir bhrí Threoir 2002/98/26/CE, Threoir 2002/47/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 faoi seach iad, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le híocaíocht agus seachadadh, agus soláthar comhthaobhachta, a fheidhmiú.
Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithnítear de bhun Airteagal 77, nó thairis sin i gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh amhlaidh, measfar gur gníomhaíocht réitigh iad sin a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo.