+Airteagal 15a Díolmhú ó údarú i ndáil le seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a leathnú
---+Airteagal 15a 1.
---+Airteagal 15a 2.

Airteagal 15a Díolmhú ó údarú i ndáil le seirbhísí imréitigh nó gníomhaíochtaí imréitigh a leathnú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15a 1.
D’ainneoin Airteagal 15, maidir le CPL a bhfuil sé beartaithe aige a ghnó a leathnú chun seirbhís bhreise nó gníomhaíocht bhreise a áireamh nach gcumhdaítear leis an údarú atá aige cheana féin, ní cheanglófar air a bheith údaraithe le haghaidh leathnú den sórt sin i gcás nach mbeadh tionchar ábhartha ag an tseirbhís bhreise sin ná ag an ngníomhaíocht bhreise sin ar phróifíl riosca an CPL.

Tabharfaidh an CPL fógra do na faighteoirí cláraithe tríd an mbunachar sonraí lárnach i gcás ina gcinneann sé úsáid a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír seo, lena n-áirítear an tseirbhís nó an ghníomhaíocht atá beartaithe aige a sholáthar.

Beidh na hathruithe a chuireann CPL chun feidhme i gcomhréir leis an Airteagal seo faoi réir athbhreithniú agus meastóireachta i gcomhréir le hAirteagal 21.

Féadfaidh ESMA athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus gníomhaíochtaí imréitigh agus tuairisciú don choláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 agus don Choimisiún ar na rioscaí a eascraíonn as seirbhísí agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonn CPLanna de bhun an Airteagail seo agus ar a n-oiriúnacht.

Airteagal 15a 2.

Déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú tuilleadh:

(a) 

an cineál leathnaithe ar sheirbhísí imréitigh nó ar ghníomhaíochtaí imréitigh nach mbeadh tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca CPL; agus

(b) 

a mhinice a thabharfaidh CPL fógra faoi úsáid na díolúine dá dtagraítear i mír 1, nach n-úsáidfear níos mó ná uair amháin gach 3 mhí.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 25 Nollaig 2025

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas