+Airteagal 25a 2.

Airteagal 25a 2.

Soláthrófar san iarraidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo bunús fíorasach lena chinneadh go bhfuil inchomparáideacht ann agus na cúiseanna go sásaítear na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V le comhlíonadh na gceanglas is infheidhme sa tríú tír. Déanfaidh CPL Leibhéal 2 a iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh i bhformáid leictreonach tríd an mbunachar sonraí lárnach.

Deonóidh ESMA comhlíonadh inchomparáide, go páirteach nó go hiomlán, i gcás ina gcinneann sé, bunaithe ar an iarraidh réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go meastar go bhfuil an CPL Leibhéal 2, trí na ceanglais ábhartha is infheidhme sa tríú tír a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 16 agus i dTeidil IV agus V agus go sásaíonn sé, ar an gcaoi sin, an ceanglas maidir le haitheantas faoi Airteagal 25(2b), pointe (a).

Tarraingeoidh ESMA siar, go hiomlán nó i ndáil le ceanglas ar leith, an comhlíonadh inchomparáide, i gcás nach ndéanann CPL Leibhéal 2 na coinníollacha maidir le comhlíonadh inchomparáide a chomhlíonadh a thuilleadh agus i gcás nach ndearna CPL den sórt sin an ghníomhaíocht feabhais arna hiarraidh ag ESMA laistigh den tréimhse ama shocraithe. Agus é ag cinneadh dháta theacht in éifeacht an chinnidh i dtaobh an comhlíonadh inchomparáide a tharraingt siar, déanfaidh ESMA a dhícheall foráil a dhéanamh do thréimhse oiriúnaithe iomchuí nach mairfidh níos faide ná 6 mhí.

I gcás ina ndeonaíonn EMSA comhlíonadh inchomparáide, leanfaidh sé de bheith freagrach as a dhualgais a chomhlíonadh agus a chúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, go háirithe faoi Airteagail 25 agus 25b, agus leanfaidh sé dá chumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 25c, 25d, 25f go 25m, 25p agus 25q a fheidhmiú.

Gan dochar do chumas ESMA a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, i gcás ina ndeonaíonn ESMA comhlíonadh inchomparáide, tiocfaidh sé ar chomhaontú maidir le socruithe riaracháin leis an údarás tríú tír chun malartú iomchuí faisnéise agus comhar a áirithiú do ESMA chun faireachán a dhéanamh go gcomhlíontar na ceanglais maidir le comhlíonadh inchomparáide ar bhonn leanúnach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas